Dingchruthach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Script dhingchruthach

Foirm scríbhneoireachta a bhíodh in úsáid ar fud an Mheánoirthir ar feadh 3,000 bliain go dtí timpeall an 1ú céad RC. Díorthaíodh ar dtús ó phicteagraim é, ach de réir a chéile sheas na siombailí d'fhocail, siollaí is gnéithe foghraíochta. Scríobhadh na samplaí is luaithe ó bharr go bun, ach níos déanaí cuireadh na siombailí ar a dtaobhanna is scríobhadh ó chlé go deas iad. Ar dtús is i bhfoirm múnluithe ar chré bhog le stíleas a bhíodh na siombailí, ach níos déanaí scríobhadh ar dhromchlaí crua iad. Níor léadh na scríbhinní seo arís go dtí an 19ú céad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dingchruthach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.