Dima Bilan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDima Bilan

(2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Дима Николаевич Билан
Beathaisnéis
Breith(ru) Виктор Николаевич Белан
24 Nollaig 1981
42 bliana d'aois
Ust-Dzheguta, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheachas
Scoil a d'fhreastail sé/síRussian Institute of Theatre Arts (en) Aistrigh
Gnessin Russian Academy of Music (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, file, mainicín, cumadóir, amhránaí, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2000 –
SeánraPopcheol, ceol rithim agus gormacha agus synth-pop (en) Aistrigh
TeangachaAn Rúisis
UirlisUirlis mhéarchláir, ceol gutha agus cairdín
Lipéad ceoilUniversal Records
Misteriya Zvuka
EMI
Gala Records
Universal Music Group Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2008Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2008
18 Bealtaine 2006Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2006 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbilandima.ru Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1855744 Facebook: BilanDima Twitter: BilanOfficial Instagram: bilanofficial Telegram: bilanofficial Youtube: UCrnxeDn1Biodm9jO8yAyj3g TikTok: bilanofficial Spotify: 19rplJ3Uh67C1fNAwq7ohw iTunes: 160343465 Last fm: Дима+Билан Musicbrainz: 8b86576e-1cf5-46c8-970a-a79d13c2e0f0 Songkick: 557723 Discogs: 753172 Allmusic: mn0001546235 Deezer: 1998841 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí popcheoil ón Rúis é Dima Bilan (Rúisis: Дима Билан; seanainm: Виктор Белан, Víctor Belan). Rugadh i 1981 in Ust-Dzheguta, Karachay-Cherkessia é. Chan Bilan an t-amhrán "Never Let You Go" san Eoraifís don Rúis agus fuair sé an dara háit. Bhuaigh sé an comórtas i 2008 leis an amhrán "Believe". Tá roinnt hit aige sa Rúis agus anois tá sé ag tórú slí bheatha idirnáisiúnta.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é dhá bhliain d’aois, bhog a chlann go dtí teach a seanmháthair i gcathair Naberezhnye Chelny i dTatarstan. Bhog a chlann arís go dtí Kabardino-Balkaria agus é 6 bliana d’aois. Chuaigh sé ar scoil anseo lena dheirfiúr – áit ina chan sé amhráin agus d’aithris sé dáin ag tionól na maidine.

Bhain sé céim amach ó Choláiste Ceolmhar na Gnesins mar cheoltóir clasaiceach. Chuir Bilan tús lena slí bheatha nuair a fuair sé an 4ú áit ag an bhféile Rúiseach/Laitviach "Tonn Nua" i 2002. I 2003, scaoil sé a chéad albam, "Ночьной Хулиган" (Nochnoj Khuligan/Maistín Oíche) leis na clúdaigh "Caruso" le Lucia Dalla agus "Fever" le Elvis. I 2004, scaoil sé a dara singil rathúil "На Берегу Неба" (Na Beregu Neba/Ag Bruach Na Spéire) – agus ba é sin ainm a dara albaim chomh maith.

Rinne Bilan iarracht Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse a shroicheadh i 2005 leis an amhrán "Not That Simple" ach ní bhfuair sé ach an dara háit i gcomórtas náisiúnta na Rúise. Bhí an t-amhrán táirgithe le Yury Aizenshpis nach maireann – mogal cheoil Rúisigh a bhí cáil air mar gheall ar a obair le Viktor Tsoi san Aontas Sóivéadach. I Mí na Nollag 2005, fuair Bilan dhá gramafón óir i gCathair Pheadair agus Almaty do "Ты Должна Рядом Быть" (Ty Dolzhna Rjadom Byt'), leagan Rúiseach do "Not That Simple". Táthar á rá gurb é an físeán do Ты Должна Рядом Быть ceann de na físeáin ba chostasaí i rith stair tionscail an cheoil Rúiseach. I rith taifeadaigh do "Новые песны о главном" (Novye pesny o glavnom/Amhráin nua faoi na príomhrudaí), fuair sé mórdhuais ó ghiúiré gairmiúil an Chéad Bhealaigh. Bhuaigh sé "Fear Gnó na Bliana" de thoradh vótála ar Rambler. Ag deireadh na bliana ghlac sé le cuireadh ó ghníomhaireacht Meiriceánach chun amhráin a chlárú do Peter Pan. Ar 14ú Márta 2006, ghlac Bilan páirt i "Золотая шарманка" (Zolotaja sharmanka/Orgán Sráide Óir) i gCív agus onóraíodh é mar "Amhránaí na Bliana."

2006[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag seasamh don Rúis san Eoraifís i 2006[cuir in eagar | athraigh foinse]

I lár Márta 2006, bhí Bilan roghnaithe inmheánach le Bealach a hAon chun seasamh don Rúis ag Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse in Aithin, an Ghréig. As 37 tír, fuair Bilan an dara háit leis an amhráin pop "Never Let You Go" – bhí an toradh sin cothrom leis an amhrán Rúiseach "Solo" ó Alsou sa chomórtas i 2000.

Scór Bilan 248 pointe – 44 pointe níos lú den bhuaiteoir "Hard Rock Hallelujah" le Lordi ón Fhionlainn. Fuair Bilan 12 pointe ó seacht tír: An Airméin, An Bhealarúis, An Eastóin, An Fhionlainn, Iosrael, An Laitvia, An Liotuáin agus An Úcráin. Is iad An Danmhairg, An Eilvéis, An Íoslainn, An Ríocht Aontaithe, San Mairíne agus An tSualainn na tíortha amháin nach thug pointe do Bhilan.

Bhí beirt rinceoir bailé agus pianó bán clúdaithe le peiteail rós ar an stáitse le Bilan. Tháinig bean le cuma taibhse amach ón bpianó i rith an amhráin. Chaith Bilan veist bhán le huimhir ag léiriú a áit in ordú reatha an chomórtais – 13 sa chlár leathcheannais agus 10 sa chlár ceannais. Mar gheall ar ndrochthoradh na Rúise an bhliain roimhe sin, bhí ar Bilan canadh sa chlár leathcheannais ar dtús ar an 18ú Bealtaine. Cháiligh sé sa top-deich, ag críochnú sa tríú háit le 217 pointe, agus bhog sé go dtí an seó ceannais.

I mí Iúil 2006, ba é Bilan ceann de ceathrar amhránaí a ghlac páirt san eachtra ba mhó sa Rúis i 2006, "An Samhradh Dearg." Tharla an eachtra sin ar an gCearnóg Dhearg i Moscó. Chan sé ar an stáitse le Shakira, The Black Eyed Peas agus t.A.T.u.

I Meán Fómhair 2006, don dhara bhliain as a chéile, bhuaigh Dima Bilan Amhránaí na Bliana agus Amhrán na Bliana ag Gradaim an Cheoil Rúiseach MTV. Ar an 2ra Samhain, sheas Bilan don Rúis ag MTV EMA i gCóbanhávan.

Ar an 15ú Samhain, fuair Bilan gradam agus chan sé ag Gradaim an Cheoil Domhanda. Bhí a thaispeántas craolú ar Bhealach 4 sa Ríocht Aontaithe agus 130 tír eile, na Stáit Aontaithe san áireamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]