Digiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Digiteach

Aon bhealach chun eolas (uimhreacha, teaghráin carachtar, fuaimeanna, pictiúir) a léiriú mar shraith bíog leictreonach, gach ceann den fhad céanna. Nuair a bhíonn bíog voltais ann ciallaíonn sé sin 1, agus nuair nach mbíonn ciallaíonn sé sin 0. Is féidir gach uimhir a léiriú lena choibhéis dhénártha. Maidir le cineálacha eile eolais, is gá iad a scríobh i bhfoirm tacar uimhreacha, agus na huimhreacha sin a chódú i bhfoirm leictreonach dhigiteach. Úsáidtear foirmeacha digiteacha chun eolas a stóráil i ríomhairí, ar téip is diosca, agus chun eolas a tharchur thar línte teileafóin nó trí chraobhscaoileadh. Tá de bhuntáiste leis an bhfoirm dhigiteach nach mbíonn sí chomh soghonta do thorann le comharthaíocht analógach, agus gur furasta í a chomhbhrú is a chriptiú, is mar sin iomláine an eolais a chosaint.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Digiteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.