Diagnóis gruaige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Diagnóis gruaige

Is féidir sampla gruaige a mhionanailísiú chun an leibhéal mianraí sa cholainn a thomhas le céimíocht cothaithe an duine a mheas, nó aon ábhar dochrach, cosúil le halúmanamluaidhe, a bhrath. Ní mór na ribí samplacha a phiocadh amach seachas iad a ghearradh, agus ag baic an mhuiníl mar a bhfásann an ghruaig níos tapa ná áit ar bith eile. Is fearr iontaofa na torthaí ar an tástáil seo nuair a dhéantar an anailís ar an ngruaig is gaire don chraiceann, de bhrí gur dócha go mbeidh gruaig eile truaillithe ag gallúnach, foltfholcadh, sprae, is ábhair gruagaireachta eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Diagnóis gruaige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 208.