Diabhalroc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aon cheann de na roic fhathachúla atá forleathan in uiscí dromchlacha na bhfarraigí trópaiceacha is measartha. Déanann na heití brollaigh mar a bheadh sciatháin mhóra thriantánacha. Suas le 6 m ar leithead, taobhanna an chinn fadaithe mar adharca feolmhara, an t-eireaball cosúil le lascnaid. Beirtear an t-óg beo. Itheann sé planctóin is éisc bheaga.