Diúscairt fuíll

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Príomhfhadhb is dúshlán comhshaoil is ea conas fuíoll baile, tionsclaíoch is feirmeoireachta a phróiseáil is a chur de láimh. Modhanna atá in úsáid is ea é a chur i bpoll sa talamh nó ina charn ar an talamh, é a dhumpáil amuigh sa bhfarraige, nó a loscadh. Ach baineann fadhbanna móra le gach ceann acu sin, ina measc truailliú aeir, uisce is talún sa chomharsanacht. Is gá a bheith an-chúramach le fuíollábhair thocsaineacha is bhaolacha, agus carnadh meatáin indóite phléascaigh in ionaid dumpála. De réir a chéile tá athchúrsáil gloine, páipéir is plaistigh ag laghdú an oiread fuíll atá le dumpáil nó loscadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Diúscairt fuíll". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 216.