Dióicléitiánas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaius Aurelius Valerius Diocletianus Augustus
Impire Rómhánach
Istanbul - Museo archeol. - Diocleziano (284-305 d.C.) - Foto G. Dall'Orto 28-5-2006.jpg
Dióicléitiánas
Réimeas 20 Samhain 285 – 1 Aibreán 286 (leis féin). 1 Aibreán 286-1 Bealtaine 305 (mar a Augustus an oirthir, le Maximianus mar Augustus an iarthair)
Dáta breithe c 22 Nollaig 244
Áit bhreithe Salona, ( Solin sa lá ata inniu ann), an Chróit.
Dáta báis 3 Nollaig 311 (66)
Áit bháis Aspalathos (anois Split, an Chróit)
Réamhtheachtaí Numerian
Comharba Constantius Chlorus agus Galerius
Rítheaghlach Constaintíneach
Céile Prisca

Impire Rómhánach ab ea Dióicléitiánas (Laidin: Gaius Aurelius Valerius Diocletianus Augustus; c 22 Nollaig 244 - 3 Nollaig 311.) ón bhliain 284 go dtí 305. Bhí stádas íseal-aicmeach ag a theaghlach, ab as chúige Rómhánach na Dalmáite é, ach d'ardaigh Dióicléitiánas trí na céimeanna de chuid an airm gur cheapadh é ina cheannasaí marcshlua de chuid na hImpire Carus. Tar éis bhásanna na himpire agus mac s'aigesan Numerian i bhfeachtas sa Pheirs, fógraíodh Dióicléitiánas ina Impire. Bhí frithéileamh ag mac marthanach Charuis ar an dteideal freisin, ach fuair Dióicléitiánas an lámh in uachtar air i gCath Margus. Chobhsaigh réimeas Dióicléitiánas an Impireacht agus mharcáil sé deireadh Ghéarchéim na 3ú hAoise. Cheap sé a chomh-oifigeach Maximianus Augustus ina chomh-Impire sinsearach sa bhliain 285.