Desmond John Morris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Míoleolaí a rugadh gar do Swindon Shasana is ea Desmond John Morris (1928-). Leabhar móréilimh ab ea a staidéar ar an iompraíocht dhaonna The Naked Ape (An tÁpa Nocht, 1967) agus rinneadh cláir teilifíse air. I measc leabhar eile leis, tá Manwatching (Ag Faire an Fhir, 1977), Illustrated Babywatching (Ag Faire Naíonán, le Léaráidí, 1995), Body Guards (Gardaí Coirp, 1999), Peoplewatching (Ag Faire na nDaoine, 2002) agus The Naked Woman (An Bhean Nocht, 2004).