Dermot Somers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDermot Somers
Beathaisnéis
Breith1947
76/77 bliana d'aois
Contae Ros Comáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, údar, sléibhteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
SpórtSléibhteoireacht Cuir in eagar ar Wikidata

Dreapadóir, taiscéalaí, scríbhneoir agus craoltóir é Dermot Somers (a rugadh sa bhliain 1947, i dTromán, Contae Ros Comáin). D'fhreastail sé ar an scoil lán-Gaeilge Coláiste Mhuire i mBaile Átha Cliath, agus ar Choláiste Ollscoile BÁC marar bhain sé céim BA agus HDipEd amach, agus bhí sé ina mhúinteoir scoile ar feadh tréimhse, sular dhírigh sé go lán-aimsirthe ar an scríbhneoireacht, craoltóireacht agus taisteal. Tá cónaí air i nDroichead Átha faoi láthair.

Dreapadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Somers ag dreapadóireacht sa bhliain 1974 nuair a bhí 27 mbliana d'aois aige, agus chruthaigh sé ina dhreapadóir cheannródaíoch in Éirinn le linn na seachtóidí. Chuir sé bonn le cúrsaí nua in áiteanna éagsúla, ina measc an Aill Fhada sa Bhoireann, An Gobán Saor agus Fáth mo Bhuartha ar an mBinn Mhór i gCo Aontroma, Ceann Mhuc Rois siar ó na Cealla Beaga i gCo Dhún na nGall, agus an Tuar Mór i gCo Shligigh. I 1983 ba é an chéad Éireannach ar éirigh leis na sé Aghaidheanna Móra ó Thuaidh i Sléibhte na nAilp a dhreapadh. Ghlac sé páirt i dturasanna dreapadóireachta go dtí beanna éagsúla i sléibhte Himalaya: Changtse i 1987; Manaslu i 1991; agus Everest i 1993. Dhreap sé sé sna hAindéis agus i réimsí sléibhte eile ar fud an domhain fosta.