Der Steppenwolf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Der Steppenwolf, 1927

Úrscéal de chuid Hermann Hesse a foilsíodh sa bhliain 1927 is ea Der Steppenwolf. Chuir síos beatháisnéise ceangailte le sruth samhlaíochta agus domhan-mhachnaimh ar fadhbanna an scríbhneora féin i rith a fhichidí atá ann. Is cuir síos é ar meoin an scríbhneora i leith an tsochaí chompórdach fhuarchráifeach dúnta a chuireann srianta ar saoirse an spioraid dár leis.

An Scéal[athraigh | edit source]

Is intleachtach ag teannadh ar a chaogú lá bhreithe é Harry Haller. Cuirtear ar an eolas muid ar an deighilt intinne atá aige trí chuir síos i gcáipéis a thagann sé air de thimpist ag tús an leabhair. Léirítear an coimhlint buan idir an daonnacht mar ghrá, oiliúnt agus ealaíon agus an brúdúlacht i bhfoirm an mactíre, ina shaol.

De dheasca an coimhlint seo ní féidir leis gnáthchaidrimh a bheith aige leis an saol agus fásann fuath ann i leith an saol éadrom thart air. Sé toradh na mothúcháin seo ná go bheartaíonn sé lámh a chuir ina bhás fhéin ar a chaogú bhreithlá atá ag teannadh air. Oíche chinniúnach amháin agus é ag taistil thart na cathrach ó theach ósta amháin go tithe ósta eile, tar éis teipeadh air i gcaidrimh sóisialta a bhí aige i dteach seanchara leis agus a bhean siúd, buaileann sé le bean óg air a thugann sé Erminne. Diaidh ar ndiaidh agus iad ag cómhrá, braitheann sé go bhfuil tuiscint ag an mbean óg seo dó.

Deireann sí go meallfaidh sí é agus ag deireadh go mbéidh air í a mharú. Cuireann sí saol úrnua ar fáil dó agus í ag múineadh damhsa dó agus é dá réitiú le haghaidh cruinniú rinceoirí ollmhór. Cuireann sí bean ar fáil dó a athmhúsclaíonn a shuim sa ghrá. Bíonn rithim na fichidí san Eoraip, mar a rinne Scott FitzGerald chuir síos ar le bhraith sa chuid seo den úrscéal. Is léir go bhfuil an Steppenwolf ag feidhmiú anois ar leibhéal difriúl ar fad.

Tagann oíche an damhsa mór. Bíonn Harry ann agus faoi dheireadh mheallan Erminne , atá gléasta mar bhuachaill, é. Ag deireadh na h'oíche is léir go dtógann sé drugaí de shaghas éigeann agus seolann sé isteach i mbrionglóid, áit a thiteann neart eachtraí fantasaíochta amach dó, ach a bhfuil baint acu beag nó mór lena chuid coimhlinte féin. Ag dúiseacht dó as an mbrionglóid feictear dó Erminne sínte i lámha an ceoltóra a thug na drugaí dó. Tá marc beag ar a h'ucht. Beireann sé greim ar scian agus sáinn sé í sa h'ucht. Seo í comhlíonadh thuar Erminne.

Tá neart téamanna sa leabhar seo agus is leabhar casta é. Léirítear dúinn ceann de mhórthéama Hesse anseo. Sin é an coimhlint buan, dár leis, idir an bunús ainmhitheach ar thaobh amháin sa duine daonna agus an neach bainteach leis an daonnacht agus rudaí ardnósacha ar an taobh eile.