Dennis Ritchie
| Dennis Ritchie | |
| Ritchie sa bhliain 1999 | |
| Dáta breithe | 9 Meán Fómhair, 1941 |
| Bronxville, Nua-Eabhrac | |
| Dáta báis | 8 Deireadh Fómhair, 2011 |
| Murray Hill, New Jersey | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Réimsí | Ríomheolaíocht |
| Iomráiteach do | ALTRAN, B, BCPL, C, Multics, Unix |
| Duaiseanna | Duais Turing |
Ba eolaí ríomhaireachta é Dennis MacAlistair Ritchie (9 Meán Fómhair, 1941 - 8/9 Deireadh Fómhair, 2011) a bhfuil aithne air mar gheall ar a thionchar ar ALTRAN, an teanga ríomhchlárúcháin B, BCPL, C, Multics, agus UNIX. Fuair sé an Duais Turing sa bhliain 1983 agus an Bonn Náisiúnta um Theicneolaíocht sa bhliain 1998. Ba é Ritchie an ceannaire reatha ar Roinn Taighde um Bhogearraí Córais Lucent Technologies go dtí 2007 nuair a scoir sé ón obair.
Cúlra [athraigh]
Rugadh i mBronxville, New York é. Fuair Ritchie céim ó Harvard i bhfisic agus matamaitic fheidhmeach. Sa bhliain 1967, thosaigh sé ag obair i Lárionad Taighde Eolaíocht Ríomhaireachta Bell Labs.
C agus Unix [athraigh]
Is fearr aithne ar Ritchie mar chruthaitheoir na teanga ríomhchlárúcháin C agus príomh-fhorbróir an chóras oibriúcháin Unix, agus mar chomh-údar an leabhair deifnídigh ar C, The C Programming Language, ar a dtugtar de ghnáth K&R (tagairt do na húdair Kernighan agus Ritchie).