Deinim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deinim

Fabraic an-choitianta i gcomhair éadaí. Dhéantaí ar dtús é trí shnáithe, ruaimnithe le plúirín, a shníomh le snáithe innigh cadáis neamhruaimnithe i struchtúr corránach. De réir a chéile, láistear an plúirín go mall as an bhfabraic, agus éiríonn an dath gorm níos éadroime. Éadach buanfasach i gcomhair éadaí oibre, ach ó na 1950idí ar aghaidh ghnóthaigh sí cáil mar chultas faisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Deinim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 205.