Deindreacroineolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deindreacroineolaíocht

Dátú ó fháinní bliantúla crainn, agus an eolaíocht a bhaineann leis. D'fhorbair an réalteolaí A. E. Douglas an teoiric seo sa bhliain 1904 agus é ag déanamh staidéir ar iarmhairtí baill Gréine ar an aeráid. Fuair sé amach gur féidir léarscáileanna aeráide a tharraingt, chomh maith le dátú seandálaíoch a dhéanamh, ó chomhaireamh is tomhas na bhfáinní crainn. Fásann fáinne amháin gach bliain, ach braitheann leithead gach fáinne is micreanailís trasna an fháinne sin ar an oiread báistí a thit ag an áit sin i rith na bliana, agus an teocht. Tá patrúin fáinní in adhmad caomhnaithe le fáil anois a shíneann chomh fada siar le timpeall 6700 RC gan bhearna i bpéine colgach i gCalifornia, agus timpeall 5300 RC in adhmad darach ó phortaigh in Éirinn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Deindreacroineolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 205.