Deilf (créghréithre)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Créghréithre glónraithe. An saghas faensa a rinneadh i Sasana is an Ollainn. Ainmnithe as an mbaile Ollannach Delft, mar a ndearnadh méid ollmhór de sa 17ú céad. Bán is gorm den chuid is mó. Aithris ar phoirceallán Síneach is Seapánach is mó a bhíodh sna maisiúcháin.