Deasún Breatnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDeasún Breatnach
Beathaisnéis
Breith1921
Bás2007
85/86 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Belvedere Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir agus iriseoir Éireannach a bhí i bProinsias Xavier Deasún Breatnach a tháinig chun saoil i Ráth Maonais ar an 2 Nollaig 1921 agus a d'éag ar an 3 Deireadh Fómhair 2007.[1]

Ba iad Caoimhín Breatnach agus Gertrude Ní Aindriasa a thuismitheoirí. Iníon le hiar-Phreispitéireach a chuaigh le Caitliceachas a bhí in Gertrude, agus dlíodóir ab ea an t-athair. Bhí traidisiún an náisiúnachais dhlíthiúil i ndúchas an athar, nó bhí a athair féin, Séamus, ag tacú le Charles Stewart Parnell lena linn féin, agus Caoimhín féin chaith sé blianta an Chéad Chogadh Domhanda i dtrinsí an chathéadain thiar, ag tabhart airde ar impí Sheáin Réamainn buille a bhualadh ar son shaoirse na náisiún beag leis an Rialtas Dúchais a bhaint amach d'Éirinn.

Fuair Caoimhín bás go tobann nuair nach raibh Deasún Breatnach ach dhá bhliain déag d'aois, rud a tharraing bochtanas agus anró anuas ar an teaghlach. Bhí Deasún Breatnach ag freastal ar Choláiste Belvedere go bás a athar, ach ina dhiaidh sin b'éigean dó aistriú go scoil eile. Scoil chónaithe a bhí sa scoil nua, agus í suite sa Droichead Nua.

Chaith Deasún seal san Fhórsa Chosanta Áitiúil roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus nuair a thosaigh an Cogadh, nó Ré na Práinne, in Éirinn, chuaigh gairm shlógtha ar óglaigh den chineál sin, agus rinneadh dlúthchuid den Arm díobh. Mar sin, chuaigh Deasún sna saighdiúirí chomh maith le duine, agus chaith sé blianta Ré na Práinne ar fiannas. Bhain sé amach céim an Leifteanant sa deireadh.

Bhí sé ag tosú ar an iriseoireacht agus ar an scríbhneoireacht san am seo freisin. Bhí sé sna saighdiúirí i gcónaí nuair a chuaigh gné-alt leis faoi sheasamh neodrach na hÉireann sa chogadh i gcló ar an Herald Tribune i Nua-Eabhrac. Faoi ainm cleite a foilsíodh an ceann sin le nach dtarraingeofaí seantithe anuas air san Arm. Scríobh sé léirmheasanna d'Aiséirí, iris na heagraíochta úd Ailtirí na hAiséirí, sa bhliain 1945.

I ndiaidh an chogaidh shocraigh sé síos sa Spáinn agus thosaigh sé ar an iriseoireacht i ndáiríre. Bhí sé ag obair do bhord turasóireachta na Spáinne agus ag craoltóireacht do stáisiún raidió Meiriceánach. Phós sé bean Spáinneach, Luci Hellman Menchaca, sa bhliain 1947, agus saolaíodh seisear clainne dóibh i rith na mblianta.

Sa bhliain 1949 d'fhill sé go hÉirinn agus é ag scriobh altanna do nuachtáin mhóra na tíre go léir. I ndeireadh na gcaogaidí chaith sé tréimhse ag staidéar na Gaeilge faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain, Sheáin Beaumont, agus Dháithí Uí Uaithne, rud a chuir ag troid ar son na Gaeilge é. Scríobh sé roinnt leabhar do dhaoine óga sa teanga i rith na seascaidí, agus sa bhliain 1966 chuaigh sé ar céalacan le haird a tharraingt ar an dóigh ar fhág an Rialtas an Ghaeilge in áit na leathphingine. Ón mbliain 1964 ar aghaidh scríobhadh sé go tráthrialta ar irisí móra na Gaeilge, mar atá, Comhar agus Feasta, agus é ag foilsiú idir ghearrscéalta, dánta agus aistí ansin.

Bhí sé ina eagarthóir ar An Phoblacht, iris Shinn Féin, faoi dhó sna seachtóidí: sna blianta 1973-74 agus 1978-79. Go bunúsach, ní raibh sé ach ag déanamh ionadaíochta don ghnátheagarthóir a bhí sa phríosún fad an dá bhabhta seo.

Sa bhliain 1994 d'fhoilsigh sé tráchtas, Chugat an Púca, faoi choincheap an Phúca i mbéaloideas na hÉireann.

Bhí sé an-tugtha dá bhean chéile a fuair bás go gairid roimhesean. D'éag sé ar lá adhlactha Luci.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]