Deargéadan Beag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Deargéadan Beag
Deargéadan Beag (Carduelis cabaret)
Deargéadan Beag (Carduelis cabaret)
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Aves
Ord: Passeriformes
Fine: Fringillidae
Géineas: Carduelis
(Statius Müller, 1776)
Speiceas: C. cabaret

Is éan beag pasaireach é an Deargéadan Beag, Carduelis cabaret (Brl. Lesser Redpoll). Is baill den ghéineas Carduelis iad i bhfine na nglasán, Fringillidae. Is é seo an ceann is lú, is doinne agus is stríocaí de na deargéagain. Is minic a rangaítear é mar fhospeiceas den Deargéadan Coitieann, Carduelis flammea, ach scoilt roinnt údarás – Aontas na nÉaneolaithe Briotanach (British Ornithologists’ Union) ina measc - ón speiceas sin é. Is minic a bheadh Dearéadan (Coiteann) ar an éan seo sa Ghaeilge ar aon chaoi, is dócha. Is éan dúchasach don Eoraip é an Deargéadan Beag agus tugadh isteach go dtí an Nua-Shéalainn é. Déanann a lán de na héin seo imirce go háiteanna níos faide ó dheas le linn an gheimhridh, ach mar gheall ar an gclíoma cineálta, faightear iad ó cheann ceann na bliana sa chuid is mó dá raon gnáthaithe. Ina theannta sin, faightear é in éineacht leis an dá speiceas eile de dheargéadain sa gheimhreadh.

Tacsanomaíocht[athraigh | edit source]

Níl an ghaolmhaireacht idir na deargéadain réitithe go fóill. Bíonn an Deargéadan Beag agus an Deargéadan “Mineach” (fospeiceas flammea den Deargéadan Coiteann) araon le fáil i ndeisceart na hIorua, gan mórán cros-síolraithe de réir dealraimh, ach níl siad ag áitriú taobh le taobh le tamall sách fada i gcaoi is nach féidir teacht ar thuairimí cinnteacha faoi láthair ar an gceist.

Cur Síos[athraigh | edit source]

Is glasán beag le heireaball gearr é an Deargéadan Beag, 11.5-12.5 ceintiméadar ar fad, agus 20-22.5 ceintiméadar réise a sciathán, agus 9-12 gram a mheáchan. Tá an gob gearr coirceogach agus bior géar air. Tá dath gealbhuí ar an ngob ach tá barr dorcha air. Cleití donna atá ar bharr an éin fhirinn fhásta den chuid is mó, le stríocaí níos dorcha orthu. Tá dearg ar chlár an éadain agus dubh ar an smig. I séasúr an ghoir, bíonn dath bándearg ar an mbrollach agus ar an aghaidh. Tá na cliatháin donnbhuí le stríocaí dorcha agus tá cleití bána ar an mbolg agus ar na clúdaigh faoin eireaball. Tá dhá bharra mheathbhána ar an sciathán. Tá an t-éan baineann an-chosúil leis an gceann fireann, ach gan an bándearg ar an mbrollach agus ar an aghaidh agus tá níos lú den stríocacht ar na cliatháin. Mar gheall ar an éan óg, tá ceann liathbhán air gan an dearg ar chlár an éadain agus níos lú de na cleití dubha ar an smig.

Tá an Deargéadan Coiteann cosúil leis an Deargéadan Mineach, ach amháin go bhfuil sé níos mó agus tá an chuid íochtarach níos báine. Tá an chuid uachtarach níos donnbhuí agus tá a gheidín meathbhán agus stríocaí dorcha air.

Dáileadh agus Gnáthóg[athraigh | edit source]

Bhí raon gnáthaithe an éin seo an-teoranta tráth, ba bheag nach raibh siad le fáil ach amháin in Éirinn, sa Bhreatain Mhór, agus sna hAlpa. Ar na blianta deireanacha, forleathnaíodh raon a ngnáthaithe go mór trasna lár agus thuaisceart na hEorpa. Is éan goir leitheadach é an t-éan seo in Éirinn agus sa Bhreatain, ach tá sé ar iarraidh ó áiteanna i ndeisceart agus i lár Shasana. Neadaíonn sé le taobh chósta na Mara Thuaidh ó oirthuaisceart na Fraince go dtí an Ghearmáin agus tá sé tar éis leathadh go dtí an Danmhairg, i ndeisceart na hIorua agus in iardheisceart na Sualainne. Mhéadaigh ar an daonra sna hAlpa agus chuaigh sé isteach sna ceantair máguaird. Neadaíonn an Deargéadan Beag anois chomh fada soir le deisceart na Polainne, leis an tSlóvaic agus le tuaisceart na Rómáine.

Is éan imirceach é nach dtéann ach achar gearr agus fanann a lán acu san áit chéanna ar neadaigh siad i rith an gheimhridh chomh maith. Aistríonn na héin a chónaíos sna hAlpa go hairdí níos ísle. Sa Bhreatain, tá siad níos líonmhaire sna hísealchríocha le linn an gheimhridh, agus téann cuid de na héin as an mBreatain ó dheas go dtí an mhór-roinn sa gheimhreadh, ar uairibh chomh fada leis an Ibéir.

Tugadh isteach an speiceas seo go dtí an Nua-Shéalainn sa bhliain 1862 mar chuid de lastas éan go Nelson. Ina dhiaidh sin, tugadh isteach níos mó acu isteach sa tír agus tá an cineál éin seo le fáil go forleathan. Is ar an Oileán Theas is minice a fheictear an Deargéadan Beag agus neadaigh siad go leor de na hoileáinn iomadúla amach ón gcósta. Ina theannta sin, bhog sé go dtí an chríoch Astrálach d’Oileán Macquarie agus tá sé le fáil mar fhánaí ar Oileán Lord Howe.

Áitríonn sé coillearnach oscailte, scrobchríocha, talamh feirme agus dumhcha. Chuidigh méadú na bhfáschoillte buaircíneach leis na deargéadain scaipeadh go háiteanna nua.

Nósanna[athraigh | edit source]

Carduelis cabaret

Is éan caidreamhach é a sheilgeas bia in ealtaí go hiondúil. Seilgeann sé sna crainn mórchuid na haimsire ach ar an talamh freisin scaití, go háirithe sa gheimhreadh de thairbhe laghdú i soláthar na síolta. Is iad síolta beaga, mar shíolta na beithe, na fearnóige agus na bhféar is mó a itear. Itheann an deargéadan bachlóga toraidh agus inveirteabraigh freisin.

Cúplálann siad do shéasúr an ghoir go mall sa gheimhreadh. Neadaíonn roinnt cúplaí gar dá chéile go minic in ealta scaoilte. Déanann an t-éan baineann an nead, i gcruth cupáin, i dtom nó i gcrann go hiondúil. Déantar an nead as craobhóga agus lorgaí planda, le sraith inmheánach de fhréamhacha, fhéar, chaonach, dhuilleoga agus fhásra eile, chomh maith le líneáil de chleití, olann agus fhionnadh. Beirtear idir dhá ubh agus seacht n-uibhe. Tá na huibheacha bánghormach nó scothghlas éadrom le treallanna scothdearga nó scothdhonna orthu. Gorann an deargéadan baineann na huibheacha ar feadh 12-15 de laethanta le linn don éan fireann bia a thabhairt di. Beathaíonn an bheirt acu na héin óga agus cleitíonn siad siúd tar éis 9-15 lá.