Dearadh/déantóireacht ríomhchuidithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dearadh/déantóireacht ríomhchuidithe

Cineálcomputer software term (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Cláir nó bogearraí ríomhairí ina bhfuil an bunachar sonraí is na rialacha chun táirgí, foirgnimh is trealaimh nua a dhearadh (CAD) nó a mhonarú (CAM). Ligeann bogearraí CAD don dearthóir smaointe is dearaí nua a thástáil gan samhail nó struchtúr costasach a thógáil. Is féidir le bogearraí CAM córais chasta déantúsaíochta a rialú go huathoibríoch chun táirgí casta a dhéanamh gan mórán oibrithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dearadh/déantóireacht ríomhchuidithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 202.