Deannach ainglí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainm coitianta ar fheinciclidín (PCP), ar siabhraigin é. Tugadh isteach sna 1950idí é mar ainéistéiseach ginearálta, ach tarraingíodh siar go luath é. Úsáidtear fós i dtréidliacht é. Bhain andúiligh is úsáideoirí drugaí mídhleathacha mí-úsáid fhorleathan as sna 1970idí-1980idí, ach de réir dealraimh níl sé faiseanta a thuilleadh.