Dealbh na Saoirse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh na Saoirse

Is dealbh mhór i Nua Eabhrac í Dealbh na Saoirse (Fraincis: Statue de la Liberté), nó La Liberté éclairant le monde ("Saoirse ag soilsiú an domhain") mar a thugtar go hoifigiúil uirthi. Séadchomhartha bronnta ag muintir na Fraince ar mhuintir na Stát Aontaithe ar an 28 Deireadh Fómhair 1886 atá ann, chun chomóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó shíniú Fhorógra Saoirse Mheiriceá. Tá dáta an lae seo scríofa ar lámh clé na deilbhe - JULY IV MDCCLXXVI. Seasann an dealbh don deá-chairdeas a bunaíodh idir an dá thír le linn Réabhlóid Mheiriceá.

Deirtear go gcuireann an dealbh fáilte roimh chuairteoirí, inimircigh, agus Mheiriceánaigh ag filleadh abhaile ar a dtír dúchais.