David Trimble
| David Trimble | |
|
Céad-Aire Thuaisceart Éireann
|
|
| In oifig 1 Iúil 1998 – 1 Iúil 2001 |
|
| Réamhtheachtaí: | (oifig nua) |
| Comharba: | Ian Paisley |
|
MP don Bhanna Uachtar
|
|
| In oifig 1990–2005 |
|
| Réamhtheachtaí: | Harold McCusker |
| Comharba: | David Simpson |
|
|
|
| Dáta breithe | 15 Deireadh Fómhair 1944 |
| Béal Feirste | |
| Páirtí | VUPP, UUP, Coimeádach |
| Gairm | Léachtóir ollscoile (dlí) |
| Céile | Daphne Orr |
| Suíomh gréasáin | DavidTrimble.org |
Polaiteoir i dTuaisceart Éireann is ea William David Trimble, an Barún Trimble, PC (an 15 Deireadh Fómhair 1944 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) ó 1995 go 2005, agus Céad Aire Tuaisceart Éireann ó 1998 go 2002. Rinneadh tiarna saoil de i dTeach na dTiarnaí ar an 6 Meitheamh 2006. D'fhógraigh sé ar an 17 Aibreán 2007 go dtabharfadh sé cúl leis an bPáirtí Caomhach.
Saol [athraigh]
Cháiligh sé mar abhcóide i 1968 i mBéal Feirste. I 1974, i rith Stailc Oibrithe Uladh, d'oibrigh mar chomhairleoir dlíthiúil do Chomhairle Oibrithe Uladh, a bhí faoi smacht Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA). I 1975, bhí Trimble ina chomh-cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Forásach Urgharda (VPUP), in éineacht le Glenn Barr ón UDA. Cruthaigh William Craig an VPUP chun stop a chur le cumhachtroinnt le náisiúnaithe i rialtas Tuaisceart Éireann. Ag an am seo freisin, bhí sé ag scríobh ailt don iris UVF, Combat.
Chuaigh sé isteach sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) i 1978. I ndiaidh paráid na nOráisteach i 1997, nuair a chuir an Constáblacht Ríoga Uladh ruaig ar na Caitlicigh áitiúla as an mBóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha, bhí Trimble agus Ian Paisley ag ceiliúradh an bua a bhí acu. Go luath tar éis seo, bhuaigh sé an rás le ceannasaíocht an UUP.
Sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aon de réir a obair le síocháin i dTuaisceart Éireann a bhaint amach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.