David Morris Lee

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Rye, Nua-Eabhrac is ea David Morris Lee (1931-). Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic lena chomhghleacaithe Robert Richardson is Douglas Osheroff i 1996 as forshreabhacht He-3 a fhionnadh sna 1970idí. Ritheann ábhar forshreabhach gan slaodacht trí phóireanna an-bheaga, agus má rothlaítear é, cruthaítear mionchuilithí ann a fhreagraíonn do rialacha candamacha. Thaispeáin Pjotr Kapitza i 1937 gur forshreabhach é príomhiseatóp heiliam, He-4, nuair a fhuaraítear go 2.7 K é. D'éirigh le Lee is a chomhghleacaithe He-3 a fhuarú go dtí .002 K, rud nach ndearnadh roimhe sin. Mar fhotháirge agus trí thimpiste, chruthaigh siad gur forshreabhán He-3 ag an teocht fhíoríseal seo.