David Christopher Kelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Micribitheolaí is comhairleoir ar rialú arm a saolaíodh i nGleann an Rhondda sa Bhreatain Bheag ab ea David Christopher Kelly (1944-2003). Rinne sé taighde i bPorton Down, ionad taighde de chuid rialtas na Breataine ar chogaíocht cheimiceach is bhitheolaíoch. Comhairleoir sinsearach do na Náisiúin Aontaithe ar chogaíocht bhitheolaíoch san Iaráic (1994-1999). I 2003 bhí baint aige leis an easaontas idir rialtas na Breataine is an BBC roimh thús an chogaidh san Iaráic. Líomhain an rialtas go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic, ach cheistigh an BBC cé chomh fírinneach is a bhí sé sin. Go luath tar éis dó teacht faoi iniúchadh na meán cumarsáide, chuir sé lámh ina bhás féin.