David Ben-Gurion

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba é an ceannaire Síónach David Ben-Gurion, דָּוִד בֶּן-גּוּרִיּוֹן in Eabhrais, (a rugadh ar an 16 Deireadh Fomhair 1886 faoin ainm David Grün) an chéad phríomh-aire ar Iosrael. Bhí tionchar mor aige ar bhunú agus ar fhorbairt an stáit nua. Faoina cheannas, bhuaigh Iosrael cogadh 1948 i gcoinne na n-Arabach. Tar éis dó éirí as an bpolaitíocht sa bhliain 1970 d'aistrigh sé go Sde Boker, kibbutz i bhfásach Negev, mar ar chónaigh sé go lá a bháis ar an 1 Mí na Nollag 1973. Roghnaigh an iris Time Ben-Gurion ina liosta de na 100 Most Important People of the 20th Century.