David Attenborough

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
David Attenborough (2003)

David Attenborough (a rugadh i Londain, Sasana ar an 8 Bealtaine 1926) ar dhuine de na craoltóirí agus nádúraithe is cáiliúla ar domhan. Aithnítear é ar dhuine de na ceannródaithe is tábhachtaí i léiriú clár faisnéise ar an dúlra. Tá a shlí bheatha mar aghaidh aitheanta agus guth údarásach na gclár dúlra ar an BBC ag dul siar 50 bliain. Tharraing sé clú air féin mar scríbhneoir agus láithreoir na sraithe "Life" i gcomhar le hAonad Stair an Dúlra sa BBC. Léiríodh naoi sraith de "Life": cnuasach clár atá ina shuirbhé cuimsitheach ar gach cineál ainmhí agus fásra dhomhanda. Meastar go raibh lucht féachana de 500 milliún duine ag "Life on Earth".[1]

Óige an tsaineolaí[athraigh | edit source]

D’fhás Attenborough aníos i dTeach an Choláiste ar Champas Choláiste na hOllscoile, Leicester, áit a raibh a athair, Frederick, ina phríomhoide. Bhí beirt deartháireacha ag David – Richard Attenborough (an t-aisteoir agus stiúrthóir scannán iomráiteach) agus John (a bhí ina fheidhmeannach leis an gcomhlacht Alfa Romeo). I rith an Dara Cogadh Domhanda, d’uchtaigh a thuismitheoirí beirt chailíní Giúdacha a bhí ina dteifigh ón Eoraip.

Chaith Attenborough cuid mhór dá óige ag bailiú iontaisí, cloch agus eiseamal nádúrtha eile. Agus gan é ach seacht mbliana d’aois, thug an seandálaí suntasach, Jacquetta Hawkes,[2] spreagadh dó leanúint ag cur lena ‘iarsmalann’ phearsanta. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, thug duine dá dheirfiúracha uchtaithe píosa ómra dó a bhí líonta le créatúir réamhstairiúla; caoga bliain ina dhiaidh sin, bheadh an iontaise chéanna mar bhunús an chláir "The Amber Time Machine".[3]

D’fhreastail Attenborough ar Scoil Ghramadaí Wyggeston in Leicester. Ghnóthaigh sé scoláireacht chuig Cambridge, áit a ndearna sé staidéar ar gheolaíocht agus zú-eolaíocht. Bhain sé céim amach sna hEolaíochtaí Nádúrtha. Idir 1944 agus 1946 lean sé dá chuid staidéir acadúil, an babhta seo ar an antraipeolaíocht, i Scoil na hEacnamaíochta, Londain. Ar chríochnú a chéime dó, chaith sé dhá bhliain i dTuaisceart na Breataine Bige agus in Albain mar chuid dá Sheirbhís Náisiúnta sa Chabhlach Ríoga.

I 1950, phós Attenborough Jane Elizabeth Ebsworth Oriel. Mhair an pósadh go dtí a bás siúd i 1997. Bhí beirt pháistí (Robert agus Susan) ag an lánúin.

Slí bheatha sna meáin[athraigh | edit source]

Tar éis dó an cabhlach a fhágáil, fostaíodh Attenborough mar eagarthóir ar théacsleabhair eolaíochta do pháistí. Ní raibh an t-eachtránaí óg róthógtha le cúrsaí foilsitheoireachta, áfach, agus sa bhliain 1950, chuir sé isteach ar phost mar léiritheoir raidió leis an BBC. Cé nár éirigh leis an post a fháil, chuir Mary Adams, Ceannaire na Craoltóireachta Fíorasaí, le seirbhís úrnua teilifíse an BBC, suim in iarratas an eolaí óig.

Ar nós thromlach mhuintir na Breataine Móire ag an am sin, ní raibh teilifíseán ag Attenborough agus ní raibh ach clár teilifíse amháin feicthe aige ina shaol go dtí sin![4] Ghlac sé le tairiscint Adams, áfach, dul ar chúrsa oiliúna agus, i 1952, fostaíodh é go lánaimseartha sa BBC.

Léiritheoir sa Rannóg Cainte (rannóg na gclár neamhfhicsin) a bhí ann agus i measc na dtionscadal a bhí faoina stiúir bhí an clár thráth na gceist, "Animal, Vegetable, Mineral" agus sraith ar cheol tíre, dar teideal "Song Hunter", á cur i láthair ag Alan Lomax.

Cuireadh tús lena bhaint le cláir Stair an Dúlra nuair a ceapadh Attenborough ina láithreoir ar an tsraith "The Pattern of Animals". Clár stiúideo a bhí ann inar phléigh an bitheolaí Julian Huxley an úsáid a bhain na hainmhithe i Zú Londan as duaithníocht, taispeántais suirí agus a leithéid. Ag eascairt as an gcaidreamh sin leis an zú, shocraigh Attenborough agus maor theach na reiptílí, Jack Lester, tabhairt faoi thionscadal i bhfad níos dúshlánaí agus eachtrúla: an tsraith "Zoo Quest", bunaithe ar thurais ar fud an domhain chun ainmhithe a bhailiú don zú.

Sa bhliain 1957, nuair a chuir an BBC Aonad Stair an Dúlra ar bun go hoifigiúil in Bristol, dhiúltaigh Attenborough a chlann óg a aistriú ó Londain. Bheartaigh sé a rannóg féin a bhunú, áfach: An tAonad Taistil agus Taiscéalaíochta.

Ó 1965 go 1969, bhí Attenborough ina Cheannaire ar an BBC. I measc na gclár a ndearna sé coimisiúnú orthu sa ré sin bhí "Match of the Day", "Civilisation", "The Ascent of Man", "The Likely Lads", "The Old Grey Whistle Test" agus "The Money Programme". Léiríonn an éagsúlacht seo i gcineálacha na gclár tuairim Attenborough gur chóir go mbeadh an réimse is leithne clár á chraoladh ag an BBC. Le linn na tréimhse céanna, ceann de na dualgais mhóra a bhí ar Attenborough ná an teilifís dhaite a thabhairt isteach sa Bhreatain Mhór.

Ina phost mar Stiúrthóir ar Rannóg na gClár idir 1969 agus 1972, bhí Attenborough freagrach as cláir BBC 1 agus BBC 2. Shocraigh sé, áfach, gan glacadh leis an tairiscint a bheith ina Cheannasaí (Príomhstiúrthóir) ar an BBC. I 1972, d’éirigh sé as a phost feidhmiúcháin chun filleadh ar léiriú clár, ag maíomh, mar leithscéal, nach raibh na hoileáin Galapagos feicthe aige go fóill![5]

Ó shin i leith, tá idir chláir aonair agus shraitheanna fada curtha i gcrích aige i réimse leathan ábhar ó ealaín treibheanna dúchasacha (a raibh an clár "The Tribal Eye" ar cheann acu) go cláir ar an ngéarchéim comhshaoil atá ag bagairt ar éiceolaíocht na Cruinne (leithéidí "State of the Planet"). Ábhar dáiríre, tromchúiseach a bhí i gceist i gcláir ar nós "Sharing Planet Earth": iniúchadh ar an tionchar atá ag an gcine daonna ar an bpláinéad. A mhalairt ar fad a bhí in "Fabulous Animals", sraith ina raibh ainmhithe miotaseolaíocha, ar nós na gríbhe, faoi mhionscrúdú ag an saineolaí!

Gradaim[athraigh | edit source]

Is liosta le háireamh é an líon gradam oifigiúil a thuill David Attenborough as ucht a chuid gaiscí craoltóireachta agus, sa bhliain 1985, bronnadh ridireacht air. I measc na nduaiseanna atá bainte aige, tá Bonn Institiúid na hÉiceolaíochta agus Bhainistíocht an Chomhshaoil (The Institute of Ecology and Environmental Management Medal) (2006), mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige chun cur le dearcadh agus tuiscint an phobail ar an eiceolaíocht.[6]

Chaith David Attenborough a ochtódú breithlá ag scannánú olltoirtísí ar na hOileáin Galapagos; ina measc bhí an olltoirtís, Lonesome George, a bhí thart ar an aois chéanna leis an taiscéalaí léannta.[7]

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. www.bbc.co.uk: Science and Nature Homepage; Biography: Sir David Attenborough; lch. 1, alt 4, Landmark TV.
  2. www.bbc.co.uk: h2g2; Sir David Attenborough – Naturalist; lch. 1, alt 2, Growing Up.
  3. ibid.
  4. Attenborough, David, (2202), Life on Air; BBC Audiobooks Ltd. 2003; dlúthdhiosca 1, traic 2, 01:19 - 02:30n.
  5. www.bbc.co.uk: Science and Nature Homepage, Biography: Sir David Attenborough, lch. 1, alt 2, Seeing in Colour.
  6. www.wikipedia.com; Sir David Frederick Attenborough; lch. 4
  7. www.bbc.co.uk: Science and Nature Homepage; Biography: Sir David Attenborough, lch. 1, alt 1.

Foinsí Eolais[athraigh | edit source]

  1. www.wikipedia.com: Sir David Frederick Attenborough.
  2. www.bbc.co.uk: Science and Nature Homepage; Biography: Sir David Attenborough.
  3. www.bbc.co.uk: h2g2 (Tionscnamh cicpléide ar shuíomh an BBC); Edited Guide Entry: Sir David Attenborough – Naturalist.
  4. Attenborough, David (2202), Life on Air, BBC Audiobooks Ltd. 2003.