Daniel Deronda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDaniel Deronda

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarGeorge Eliot Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ríocht Aontaithe, 1876 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Is úrscéal é Daniel Deronda a scríobh George Eliot agus a foilsíodh sa bhliain 1876. Ba é an t-úrscéal deireanach a chríochnaigh sí agus tháinig sé i ndiaidh Middlemarch agus Felix Holt. Is é an t-aon leabhar amháin uaithi atá suite le linn a haimsire féin, sé sin réimeas Victeoiria. Is meascán é d'aoir shóisialta agus mhorálta, agus an aidhm a bhí leis ná cuma tharraingteach a chur ar smaointe Giúdacha Síónacha agus cabálacha. Is é an léargas cuimsitheach deireanach agus conspóideach é ó dhuine de na húrscéalaithe is mó cáil sa ré Victeoiriach.

Rinneadh an leabhar a scannánú ar a laghad trí uaire; rinneadh leagan ciúin de agus dhá leagan don teilifís. Cuireadh in oiriúint don stáitse é freisin. Rinne an compántas 69 Theatre léiriúchán amháin de ach go háirithe sna 1960í i Manchain, Shasana le Vanessa Redgrave i ról Gwendolen Harleth.