Daniel Cassidy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDaniel Cassidy
Beathaisnéis
Breith1943
Bás11 Deireadh Fómhair 2008
64/65 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cornell
Acadamh Míleata Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir Meiriceánach é Daniel Cassidy(1943 Brooklyn – Deireadh Fómhair 11, 2008) a scríobh an leabhar How the Irish Invented Slang.

How the Irish Invented Slang[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhar 300 leathanach é seo atá lán le bréagshanais. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois. Ainneoin seo ar fad ní raibh Gaeilge líofa aige agus meastar gur chumadóireacht formhór na bhfocal a luann sé ann.

Téann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher’(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic). Dar leis nach bhfuil aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’. Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Is minic dó fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise é seo atá ag an bhfocal ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocail. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. Tá easpa mhór foinsí ann chomh maith.

Tacaíonn roinnt daoine le cumadóireacht Cassidy fós. Tuairimítear gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gur chuir sé roimhe an nasc a chruthú. Tá blag ar fáil anseo a tharraingníonn mórchuid de argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]