Dan Boyle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDan Boyle

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Lúnasa 1962
61 bliana d'aois
Chicago, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
24 Iúil 2007 – 25 Aibreán 2011
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach Corcaíoch de chuid an Chomhaontais Ghlais é Dan Boyle. Rugadh é ar 14 Lúnasa 1962 i Chicago Mheiriceá, do thuistí Éireannacha. D'fhill siad ar Éirinn nuair a bhí sé ina bhuachaill óg ach tá tuin Mheiriceánach áirithe ar a chuid cainte go fóill. Bhí sé ina Theachta Dála i ndáilcheantar Chorcaí Láir Theas ó 2002 go dtí 2007, ach chaill sé a shuíochán san Olltoghchán i mBealtaine 2007.[1] Bhí páirt lárnach aige san idirbheartaíocht idir an Comhaontas Glas agus Fianna Fáil chun comhrialtas a chruthú i Meitheamh 2007.[2] Tar éis don chomhrialtas sin teacht ar an saol, cheap an Taoiseach é féin agus Déirdre De Búrca mar bheirt Sheanadóirí an Chomhaontas Ghlais. Toghadh é mar Leas-Cheannaire an tSeanaid ina dhiaidh sin. Ar 19 Deireadh Fómhair 2007, roghnaigh baill an Chomhaontais Ghlais é mar Chathaoirleach an pháirtí (mar chomharba ar John Gormley), trí vótáil phoist.[3]

Saol Polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh é faoi dhó chuig Comhairle Cathrach Chorcaí agus d’éirigh leis an vóta is airde riamh a fháil d’iarrthóir toghcháin Dála ón gComhaontas Glas, san fhothoghchán i gCorcaigh Láir Theas i 1994. Toghadh é chuig Dáil Éireann i mBealtaine 2002. Bhí sé mar Phríomhaoire an pháirtí sa 29ú Dáil, chomh maith le hurlabhraí an pháirtí ar Airgeadas, Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh, an Pobal, Forbairt na Tuaithe agus na hOileáin. Tá roinnt mhaith doiciméad de pholasaithe an pháirtí dréachtaithe aige chomh maith le forógraí toghcháin agus tá ionadaíocht déanta aige ar son an pháirtí ar raidió agus ar theilifís náisiúnta agus ar choistí agus ag seimineáir Pharlaimint na hEorpa.

Tá suim aige san ógra, i bhforbairt pobail agus in obair do chearta lucht míchumais. Toghadh Dan Boyle chuig Comhairle Cathrach Chorcaí don chéad uair i 1991. Toghadh é chuig Dáil Éireann i mBealtaine 2002. Tá am caite aige mar Leas-Uachtarán ar Chomhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn agus tá sé mar bhall den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta (NESC) agus den Fhóram Páirtíochta um Iompar Poiblí.

Tá roinnt éachtaí stocaireachta bainte amach aige sa rialtas áitiúil. Ina measc bhí dúnadh loisceoirí ospidéil, sainiú Chathair Chorcaí mar cheantar atá saor ó thoit, tabhairt isteach na raonta rothar, chomh maith le hainmniú sráide amháin sa chathair in onóir don rac-ghiotáraí, Rory Gallagher. Bhí Dan Boyle ina údar ar an leabhar A Journey to Change; 25 years of the Green Party in Irish Politics, a foilsíodh chun comóradh ceathrú céid an Chomhaontais Ghlais a cheiliúradh.

Sonraí Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé ina chónaí ag Crosaire Tuirnéir lena bhean chéile agus a n-iníon.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]