Damien Duff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Damien Anthony Duff
Damien Duff.jpg
Eolas pearsanta
Dáta breithe 2 Márta, 1979
Áit breithe Ráth Fearnáin, BÁC
Club reatha
Club Fulham F.C.
Suíomh 16
Foirne mar imreoir
1996–2003
2003–2006
2006–2009
2009–inniu
1998–inniu
Blackburn Rovers
Chelsea F.C.
Newcastle United
Fulham F.C.
Poblacht na hÉireann

Imreoir sacair Éireannach is ea é Damien Anthony Duff, (Damien Antóin Mac Dhubhaich i nGaeilge) a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 2 Márta 1979. Tá Duff ag imirt le Fulham F.C. sa Premier League, agus foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann chomh maith. Meastar go bhfuil sé i measc na peileadóirí Éireannacha is fearr atá ann faoi láthair.

In Éirinn, d'imir Duff cheana le St.Kevins', Lourdes Celtic agus Leicester Celtic F.C. sular bhog sé chun imirt le Blackburn Rovers F.C. sa bhliain 1996. Cheannaigh Chelsea F.C. é sa bhliain 2003. Bhuaigh sé dhá chraobh leis an bhfoireann, agus choimeád sé a áit sa scuaid cé raibh a lán peileadóirí an-rathúla san fhoireann céanna.

Shínigh Duff le Newcastle United F.C. ar an 22 Iúil, 2006. Nuair a díbríodh iad ón Phríomhroinn, d'aistrigh sé go dtí Fulham chun imirt sa roinn is airde arís. Níor fhoilsíodh sonraí faoi luach an aistriú, ach creidtear go raibh sé timpeall ceithre mhilliún.


Soccerball.svg
Flag of Ireland.svg Déileálann an síol seo le imreoirí sacair na hÉireann. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.