Damien Dempsey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDamien Dempsey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1975
48/49 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Chuimsitheach Chnocán an Teampaill Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, giotáraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1995 –
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisCeol gutha

Suíomh gréasáindamiendempsey.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1588260 Spotify: 0bmF1w9eyJrY4CHyjpTQOW iTunes: 1455225909 Last fm: Damien+Dempsey Musicbrainz: 547e23af-e455-41dd-baae-a3b58e065d0c Songkick: 490765 Discogs: 920155 Allmusic: mn0000226612 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir agus cumadóir Éireannach é Damien Dempsey (Gaeilge: Damien Ó Díomasaigh), a rugadh i nDomhnach Míde, Baile Átha Cliath. Seoladh a chéad singil Dublin Town sa bhliain 1997, agus a chéad albam They Don't Teach This Shit In School sa bhliain 2000. Bhain sé clú idirnáisiúnta amach leis a albam Seize The Day sa bhliain 2004.

Tráchtaire sóisialta atá ann, agus bíonn an-chuid le rá aige maidir le cúrsaí polaitíochta agus cultúrtha na tíre. Mar shampla, tá géarcháineadh déanta aige ar dhroch-thionchar an Thíogair Cheiltigh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Damien Dempsey i nDomhnach Míde, bruachbhaile i dtuaisceart na cathrach. Bhí spéis mhór aige sa cheol ó aois an-óg, agus é ag éisteacht leis na seisiúin a bhí ag a thuismitheoirí sa theach nuair a bhí siad fillte abhaile ón teach ól. Na laochra is mó a bhí aige ná Bob Marley agus Elvis Presley. Tá blas an tSean-Nóis le cloisteáil ina obair chomh maith.

Nuair a bhí an mheánscoil críochnaithe aige, rinne sé staidéar ar léiriú ceoil agus an tionscal ceoil ar feadh dhá bhliain ag an Rock School i mBaile Formaid. Tá lipéad ceoil beag ag an gcoláiste, agus bhuaigh Damien an seans a cheirnín féin a sheol amach. An t-ainm a bhí air ná The Contender, agus cuireadh amach é sa bhliain 1995. Sheol Damien a chéad singil dhá bhliain níos déanaí, an t-amhrán Dublin Town a dhreap suas go dtí uimhir 18 sna chartaí Éireannacha. Fuair an singil léirmheasanna dearfacha gan mhoill, mar shampla ón iris Hot Press: "aintiún faoi thalamh don ógánach neamh-shuaimhneach agus an bailéadóir folaithe chomh maith". Cuireadh an t-amhrán ar a chéad albam They Don't Teach This Shit In School sa bhliain 2000, nuair a ath-thaifeadadh é.

Bhí 2002 ann nuair a bhris Damien amach i gceart, leis an gceirnín Negative Vibes EP. Chan an ceoltóir Éireannach Sinéad O'Connor ar an t-amhrán leis an teideal céanna, agus thug sí cuireadh do Dhamien dul amach ar thuras léi ar fud na tíre, an Ríocht Aontaithe agus an Eoraip. Seoladh amach a dhara albam Seize The Day i mí Bealtaine 2003, agus shroich sé áit uimhir a cúig sna chartaí Éireannacha sa chéad seachtain. D'eisíodh é sa Ríocht Aontaithe i mí Bealtaine 2004, agus roghnaíodh é mar "Dlúthdhiosca na Seachtaine" ag The Sunday Times. Mar gheall ar an rath a bhí aige leis an gceirnín nua, d'ainmníodh Damien do ceithre dhuais ag na Irish Meteor Awards, agus bhuaigh sé faoi dhó.

Chaith Damien an chuid is mó den bhliain 2004 amach ar thuras, ag tacú le Sinéad O'Connor, Bob Dylan agus Morrissey. Thaitin ceol Damien go mór le Morrissey, agus shínigh Damien conradh leis a lipéad Attack chun an t-albam Seize The Day a sheol amach sna Stáit Aontaithe.

An tríú halbam a rinne Damien ná Shots, a sheoladh amach ar an lá céanna in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe i mí Márta 2005. Chuaigh an ceirnín díreach go barr na chartaí in Éirinn. D'eisíodh é sna Stáit Aontaithe i mí Meitheamh, agus thaisteal Damien ó chósta go cósta ar thuras.

I mí Meitheamh 2006, seoladh albam beo a thaifead Damien ag an Olympia i mBaile Átha Cliath i mí Nollaig 2005. Shroich sé áit a deich sna chartaí in Éirinn. Chomh maith le sin, bronnadh dhá dhuais air arís ag na Irish Meteor Awards, i 2006 agus 2007. Chuir Damien amach a albam nua "To Hell or Barbados" sa bhliain 2007.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Singlí agus EPeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Contender (1995)
  • Dublin Town (1997)
  • It's All Good (live)(2003)
  • Negative Vibes (2004)
  • It's All Good (2004)
  • The Apple of my Eye (live)(2004)
  • Hold Me
  • Your Pretty Smile (2007)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]