Damhán uisce cloigíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDamhán uisce cloigíneach
Argyroneta aquatica Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeArachnida
OrdAraneae
FineCybaeidae
GéineasArgyroneta
SpeiceasArgyroneta aquatica Cuir in eagar ar Wikidata
Clerck, 1758

Is é an damhán uisce cloigíneach[1] (nó, uaireanta, an damhán uisce[2]) an t-aon damhán alla a mhaireann faoin uisce an t-am ar fad. Tógann sé dídean chlogchruthach a líonann le haer a iompraíonn sé síos lena ghéaga cúil. Análaíonn sé trí screamh aeir ar dhromchla a cholainne. Itheann sé crústaigh den chuid is mó. Tá a ghreim nimhiúil, agus cuireann tús le hurlacan is fiabhras. Is é Argyroneta aquatica an t-ainm tacsanomaíochta, agus is é an t-aon speiceas amháin i ngéineas Argyroneta.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “diving bell spider” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. “Argyroneta aquatica” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  3. Hussey, Matt (2011). "Damhán alla uisce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 198.