Dallán Forgaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ardollamh agus scoláire ba ea Dallán Forgaill (c. 530–598). Glactar leis gurb eisean a chum an saothar iomráiteach Amra Choluim Chille (Amhra Cholm Cille). Baisteadh é mar Eochaid Forchella agus tugadh Dallán air tar éis dó radharc na súl a chailleadh, rud a tharla, más fíor, de dheasca an dianstaidéir a bhí á dhéanamh aige.[1] Rugadh é i Maigen (Nua-Gh.: Maighean), áit a dtugtar Béal Átha Conaill air anois, agus í le fáil i gContae an Chabháin ar imeall thoir de chríoch Mhasraí (Sean-Gh.: Masraige) Mhá Shléacht. Bhain sé féin le craobh Oirialla a dtugtaí Fir Lorg orthu.[2]

Fuair sé bás, más fíor, nuair a chreach foghlaithe mainistir Inis Caoil i nDún na nGall. Deirtí gur baineadh an ceann de agus gur chuir Dia ar ais ar a cholainn é.[3] Gairmeadh naomh de go luath sa 11ú haois le linn Mhaoil Sheachlainn mac Dhomhnaill (Máel Sechnaill mac Domnaill).[4] I Leabhar Bhaile an Mhóta (lch 38, 26) deirtear: "Dallán hua Forgaill in fil ut .i. Dallan mac Alla meic Eirc, meic Feradaigh gan tinii ardollam Erenn gan on...".

Luaitear roinnt bheag dánta leis ach is é “Amra Choluim Chille” an ceann is mó clú díobh. Deirtí gur scríobhadh é go gearr i ndiaidh bhás Cholm Cille sa bhliain 597 de bharr a ndearna an naomh chun filí na hÉireann a chosaint ar dhibirt ag comhdháil Dhroma Ceat sa bhliain 575.[5] Glactar leis anois nár cumadh an dán níos déanaí ná an 7ú haois. Tá sé ráite gurb é an t-aon téacs amháin a thugann fianaise dhíreach dúinn faoi conas a chuaigh Colm Cille i gcion ar mhuintir a linne. Tá an dán scríofa i bhfriotal casta léannta, agus shíl sanasánaithe an 11ú haois féin gur shaothar an-deacair é.[6]

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Réamhrá, J. O’Beirne Crowe (eag.), Dallán Forgaill (bunleagan, astriúchán Béarla agus nótaí, ó Lebor na hUidre), Glashan and Gill, Dublin 1866 http://archive.org/stream/cu31924029424797/cu31924029424797_djvu.txt
  2. T. M. Charles-Edwards, ‘Dallán Forgaill (fl. 597)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004, [http://www.oxforddnb.com/view/article/7031
  3. Féach “Dallàn's death and burial," 'The Bodleian Amra Choluimb Chille' in Revue Celtique. Vol. 21 (Paris 1900), lgh 133-136.
  4. DNB
  5. Féach cuntas Chéitinn in Foras Feasa ar Éirinn, Athnua 1, lch 36; Athnua 2, lch 50: Pádraig de Bharra (eag.), Foilseacháin Náisiúnta Tta. 1983.
  6. Charles-Edwards, T.M.. Early Christian Ireland. Cambridge University Press 2007, lch 285. ISBN-10: 0521037166 / ISBN-13: 978-0521037167

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]