Dafydd Huws

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDafydd Huws
Beathaisnéis
Breith1949
Bangor, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Aibreán 2020
70/71 bliana d'aois
Penarth, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteGoronwy Jones
Charles Huws Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais agus Béarla
Teaghlach
PáisteCatrin Dafydd Cuir in eagar ar Wikidata

Údar ó Llanberis is ea Dafydd Huws cé go raibh sé ina chónaí le blianta fada i Gwaelod-y-Garth in aice Caerdydd. Thosaigh sé a ghairmréim liteartha mar cholúnaí raidió agus teilifíse faoin ainm cleite 'Y Faner' (1971–1982). Ba údar é ar an úrscéalta 'Dyn Dwad'. Tríd a chuid carachtar Goronwy Jones, cruthaíodh trí úrscéal iar-nua-aoiseacha agus polaitiúla; 'Dyddiadur Dyn Dwad' (1978) , 'Un Peth Di Priodi - Peth Arall Di Byw' (1990) agus 'Walia Wigli' (2004) agus roghnúchán de scéalta agus craoltaí san imleabhar 'Chwarter Call' (2005).

Is é an t-údar freisin ar 'Ser y Dociau Newydd' (1994). Thosaigh sé i ngairm na múinteoireachta Breatnaise ag 'Ysgol Uwchradd Illtyd Sant' (Ardscoil Naomh Illtyd), Caerdydd, sular fhág sé i gcomhair na gníomhréime nua scríbhneoireacht scripte sobaldráma leis an mBBC.

a shaothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Obair scripte le haghaidh na teilifíse: Cyfres Mwy Na Phapur Newydd, I Dir Drygioni, Un Dyn Bach A Rol, Iechyd Da.
  • Scannán: Dyddiadur Dyn Dwad (1989), Y Delyn (1998)
  • Raidió Sraith: Dyddiadur Dyn Dwad, Dyddiadur Dyn Priod.
  • Dlúthdhiosca fuaime: Dyddiadur Dyn Priod.