DART Faoi Thalamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é DART Faoi Thalamh (Béarla: DART Underground) an lúb ar lár a sholáthróidh líonra iarnróid comaitéirí cónasctha gan uaim do cheantar Bhaile Átha Cliath don chéad uair riamh. Is é an mórthionscadal infrastruchtúir iarnróid is mó a thógfar faoi chlár infheistíochta Iompar 21 an Rialtais.

Déanfaidh DART Faoi Thalamh dara líne DART ard-acmhainneach faoi thalamh trí Lár Bhaile Átha Cliath a sheachadadh.

Beidh an tollán thart ar 7.6 km in achar agus nascfaidh sé Líne Chill Dara agus Líne Iarnróid an Tuaiscirt le chéile trí stáisiúin faoi thalamh a bheidh go straitéiseach ag Duga Spencer, Faiche Stiabhna, Heuston, agus ag Stáisiún na bPiarsach chomh maith le stáisiún DART nua os cionn talún ag Inse Chór.

Nascfaidh DART Faoi Thalamh na córais iarnróid go léir – DART, Comaitéirí, Luas agus Meitreo – chun líonra iompair cónasctha inrochtaine a chruthú do Bhaile Átha Cliath. Ardóidh DART Faoi Thalamh líon na ndaoine a bheidh ag taisteal ar líonra comaitéirí Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath faoi thrí go dtí breis is 100 milliún turas paisinéirí in aghaidh na bliana.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]