Dúiche Sheoigheach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar Dúiche Sheoigheach (Béarla: Joyce Country) ar cheantar sléibhtiúil Gaeltachta a shíneann thar theorainneacha Chontae na Gaillimhe agus Chontae Mhaigh Eo. Is iad na príomhbhailte sa cheantar an Mám, Corr na Móna, an Fhairche agus an Chloch Bhreac i gContae na Gaillimhe agus Fionnaithe, Coill an tSidheáin, Tuar Mhic Éadaigh agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo. Tá Comharchumann Dhúiche Sheoigheach suite ar an gCloch Bhreac. Gaeilge Lár-Chonnacht an chanúint Ghaeilge a labhraítear sa cheantar seo.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.