Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDómhnall Ruadh Mac an tSaoir
Beathaisnéis
Breith1 Deireadh Fómhair 1889
Snaoiseabhal, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Eanáir 1964
74 bliana d'aois
Pàislig, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, píobaire, saor cloiche, file Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban
Gairm mhíleata
Brainse míleataQueen's Own Cameron Highlanders (en) Aistrigh
CoinbhleachtCath Loos
Saothar
Saothar suntasach

Rugadh Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir (Dómhnall Ruadh mac Aonghais RuaidhDómhnall Ruadh Pháislig) ar 1 Deireadh Fómhair 1889 i Snaoiseabhal, Uibhist a Deas. De réir tuairisce, bhí cuimhne thar barr ag a mháthair Ceit agus bhí cuimhne ag Dómhnall ar a lán urnaithe agus amhrán, port agus seanfhocal, a chuala sé agus é ina bhuachaill óg. D'fhág sé an scoil in aois a cheithre bliana déag agus d'fhoghlaim sé ceird an tsaoir chloiche. Bhí sé i reisimint na gCamshrónach sa Chéad Chogadh Domhanda, agus bhí sé ina phíobaire ag Loch Iall. Chruthaigh sé go misniúil ag Cath Loos.

Idir an dá chogadh dhomhanda chuaigh sé chun cónaithe i bPáislig agus d'oibrigh ann mar bhríceadóir.

Phós sé Màiri NicIllFhaolain, bean arbh as Uibhist a-Deas di. Bhí ceathrar clainne acu. Bhíodh Dòmhnall ag cumadh amhrán gan stad faoi chúrsaí an bhaile agus chúrsaí i gcéin.

Tugadh coróin do Dhòmhnall mar Bhàrd an Chomuinn Ghàidhealaich sa bhliain 1938 agus d'fhoilsigh an Scottish Gaelic Texts Society a chuid filíochta sa bhliain 1968. Tá sé curtha i bPàislig.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]