Díraonadh leictreon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarmhairt trasnaíochta a tharlaíonn nuair a théann léas leictreon isteach i solad agus a scaiptear iad ag cisil leanúnacha adaimh an tsolaid. Bíonn patrún ar leith déine sa léas leictreon a thagann tríd an solad, ar féidir eolas ar struchtúr adamhach an ábhair a dhíorthú uaidh. Tá an iarmhairt seo an-áisiúil i staidéar ar dhromchlaí, mar ní threánn na leictreoin luchtaithe ródhomhain in ábhair sholadacha. Ba iad na fisiceoirí Meiriceánacha Clinton Davisson (1881-1958) is Lester Germer (1896-1971) a bhraith an iarmhairt seo den chéad uair, agus bhí sí an-tábhachtach chun déacht toinne is cháithnín an leictreoin a léiriú is a chruthú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Díraonadh leictreon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 214.