Dímheáchan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Laghdú dealraitheach sa domhantarraingt taobh istigh de spásárthach atá i bhfithis os cionn an Domhain, nó árthach atá ag saorthitim. Cuireann an laghdú meáchain isteach go mór ar fhiseolaíocht na spásairí agus a gcumas obair is turgnaimh a dhéanamh. Tá an-taighde ar siúl, go mór mór ar an tointeálaí spáis, ar na saghsanna turgnamh is próiseas is féidir a dhéanamh sa staid gan mheáchan, féachaint an féidir tionsclaíochtaí nua a bhunú air seo. Ag tosú ó smaoineamh ar an staid gan mheáchan nó dul i léig na domhantarraingthe, shaothraigh Einstein teoiric na coibhneasachta ginearálta i 1916.