Dífhoraoisiú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gearradh is baint crann i bhforaoisí. Tá an próiseas seo ar siúl ar a laghad ó chuir an duine smacht ar thine is a thosaigh ar adhmad a úsáid mar bhreosla. Faoi chúpla mhíle bliain ó shin bhí mórchuid den Mheánoirthear, an Ghréig is tuaisceart na hAfraice dífhoraoisithe i gcomhair talmhaíochta is breosla. Tharla dífhoraoisiú na hEorpa le linn na Meánaoise, agus is le céad bliain anuas nó mar sin a dífhoraoisíodh an-chuid de Mheiriceá Thuaidh. Faoi seo níl fágtha de na foraoisí sna creasa measartha den Domhan ach a bhfuil i gCeanada is an tSibéir. Tá na foraoisí sna creasa trópaiceacha — na foraoisí báistí, mar a thugtar orthu — á ndíothú go tapa i láthair na huaire freisin. Sa Bhrasaíl, Meiriceá Láir, an Afraic mheánchiorclach, an India, Burma, an Téalainn, Vítneam, na hOileáin Fhilipíneacha, agus an Indinéis, dífhoraoisítear achar atá cothrom le timpeall dhá oiread na hÉireann gach bliain. Tá an dífhoraoisiú seo ar siúl chomh tapa sin go meastar nach mbeidh puinn foraoise fágtha sna creasa trópaiceacha faoi lár an 21ú céad. De bhrí go bhfuil páirt chomh lárnach sin ag na foraoisí in ídiú dé-ocsaíd charbóin, agus mar sin i laghdú an bhaoil go dtarlóidh forthéamh don Domhan, is mór an chúis imní an dífhoraoisiú leanúnach seo. Go minic ní bhíonn an talamh faoi bhun na bhforaoisí rómhaith i gcomhair na talmhaíochta, agus mar sin is beag is fiú an dífhoraoisiú, fiú sa ghearrthéarma. Mar bharr ar an donas, nuair a bhaintear na foraoisí díothaítear an-chuid gnéithe plandaí is ainmhithe, rud a laghdaíonn bithéagsúlacht ar Domhan agus a chailleann orgánaigh a fhéadfaidh a bheith ina bhfoinsí córacha leighis is ábhar fiúntach eile don duine amach anseo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dífhoraoisiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.