Díbhéartaicleóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neamhord sa stéig mhór a chuireann isteach ar sheandaoine. Foirmíonn púitsí beaga i líneáil na putóige a threánn cumhdach matánach na putóige ag pointí laga. Ní bhíonn siomtóim ar bith ag an-chuid daoine, ach is féidir go n-éireoidh na púitsí athlasta (díbhéartaiclítis). Sa chás sin bíonn pian sa bholg agus uaireanta aimhréidh cosúil le rith fola, easpaí, is cúngú nó bac chanáil na drólainne. Cabhraíonn aiste bia le neart snáithín leis an neamhord seo a sheachaint trí chabhrú lena bhfuil sa phutóg a chur ar aghaidh go rialta.