Dí-íogrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cóireáil a dheartar chun cosc a chur ar fhrithghníomhartha imdhíonacha i ndaoine íogaire. Is é a dhéantar ná instealltaí beaga fochraicneacha den ailléirgin a mheastar a bheith freagrach as an bhfrithghníomh a thabhairt arís is arís eile. Creidtear go dtraenálann an próiseas seo an cholainn chun nach bhfrithghníomhóidh sé i gcoinne na hailléirgine sin. Meastar go gcabhraíonn na miondáileoga leis na cealla íogaire a chumhdach le hantasubstaintí a cruthaíodh sna hionsaithe beaga, agus mar sin go mbíonn siad in ann ionsaí mór na hailléirgine a sheasamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dí-íogrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.