Déirdre de Búrca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDéirdre de Búrca

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithDeireadh Fómhair 1963
60 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
24 Iúil 2007 – 12 Feabhra 2010
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Dhún Carúin
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachTeach de Búrca Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach í Déirdre de Búrca. Ba duine den bheirt Sheanadóirí ón gComhaontas Glas í - in éineacht le Dan Boyle. Cheap an Taoiseach í chun an tSeanaid i Lúnasa 2007, tar éis don Chomhaontas Glas dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil. Bhí sí ina comhairleoir contae ar Chomhairle Chontae Chill Mhantáin agus ina comhairle baile i mBré ó 1999 i leith. D'éirigh sí as na poist sin mar gheall ar an riail maidir le dé-shainordú a bheith ag ball den Oireachtas. Sheas sí don Chomhaontas Glas in olltoghchán na bliana sin agus bá í an tuairim choitianta ná go mbuafadh sí suíochán, ach theip uirthi sa deireadh agus gan ach 7.38% den vóta aici i gCill Mhantáin[1]. D'éirigh sí as an Comhaontas Glas agus ón tSeanaid sa bhliain 2010.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]