Déaglán Collinge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDéaglán Collinge
Beathaisnéis
Breith1949
74/75 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus file Éireannach is ea Déaglán Collinge,[1] a rugadh i mBÁC sa sa bhliain 1949.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail sé ar scoil na mBráithre Críostaí i gCaisleán Druimní i rang lán-Ghaelach.[2] I gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhain sé BA agus Ardteastas san Oideachas, MA sa Léann Angla-Éireannach agus PhD sa Léann Angla-Éireannach (le tráchtas ar fhilíocht Mháirtín Uí Direáin).

Léachtóir páirtaimseartha ba ea é in Ollscoil Mhá Nuad ar feadh 25 bliana agus litríocht Angla-Éireannach á mhúineadh aige do mhic léinn Mheiricéanacha ar chúrsa an CCIS. Múinteoir is ea é i gColáiste na gCnoc Glas, Baile Átha Cliath.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

File agus údar téacsleabhar Gaeilge is ea é a bhfuil an tsraith Saibhreas agus téacsleabhair eile dá chuid foilsithe ag Mentor Books. Is iomaí dán atá foilsithe aige in Innti, Éigse Éireann, Comhar, An Guth, agus Riposte agus tá aistí liteartha dá chuid foilsithe in The Irish Review agus san Irish Literary Supplement. Tá dánta agus ailt leis craolta ag RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Tá gearrscéalta dá chuid foilsithe chomh maith, mar shampla 'Inchicore Haiku Displaced Poet', sa leabhar Remembering Michael Hartnett (Four Courts Press 2006).

Fílíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Teachtaireacht Téacsa (Coiscéim, 2007)
  • Common Ground (Inishfail Press, 1996)
  • Fearful Symmetry (Mentor Books, 1990)
  • Faoi Léigear (Coiscéim, 1986)
  • Sealgaireacht (Clóchomhar Teo., 1982)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Irish writer and the world, le Declan Kiberd, Cambridge University Press, 2005
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2009-07-25.