Dé-óid Zener

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhchumar leathsheoltóra a mhéadaíonn an sruth cúl-laofa (cliseadh) go mór nuair a shroicheann an voltas cúl-laofa luach ar leith níos lú ná 6 V. Ainmnithe as an bhfisicí Meiriceánach Clarence Zener (1905-1993). Iarmhairt inathdhéanta inchasta, in úsáid i gciorcaid chun voltas a bhuanú.