Dánta Catullus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríobhadh dánta Gaius Valerius Catullus ag deireadh na Poblachta Rómhánaí. Déanann sé cur síos ar stíl a bheatha agus ar a chairde ina chuid filíochta, agus ach go hairithe a ghrá don bhean d'arbh ainm 'Lesbia'.

Foinsí agus eagrúchán[athraigh | edit source]

Tháinig lámhscríbhinn de dhánta an fhile chun solais ag tús an cheathrú céad déag ina bhaile dúchais agus tugtar leagan V (codex Veronensis) ar an lámhscríbhinn seo. Ar an drochuair, cailleadh í ina dhiaidh sin. Díorthaíonn na trí lámhscríbhinn atá ar fáil anois uaithi agus tá siad stóráilte i Leabharlann Náisiúnta na Fraince (Bibliothèque nationale de France), i Leabharlann Bodleian, Oxford (Bodleian Library) agus i Leabharlann Aspalda na Vatacáine (Bibliotheca Apostolica Vaticana) sa Róimh. Sna lámhscríbhinní seo, tá 116 carmina de chuid an fhile taifeadta (meastar anois go bhfuil trí cinn díobh bréagach - 18, 19 agus 20 - cé go bhfuil na huimhreacha coinnithe), ar féidir a bheith roinnte ina dtrí chuid foirmeálta: seasca dánta gearra i méadar athraitheach, ar a dtugtar polymetra, ocht ndánta atá níos faide , agus 48 eipeagram.

Níl aon chomhdhearcadh scolártha faoin gceist- 'An é Catullus a bhí freagrach as ord na ndánta a shocrú?'. Bíonn difríocht idir na dánta fada agus na polymetra agus na heipeagraim, ní hamháin ina fhad ach freisin in a n-ábhair: Tá seacht iomann agus mion-eipic, nó epyllion, an fhoirm is ard-luachmhaire do na " filí nua" .

Is féidir na polymetra agus an heipeagraim a roinnt i gceithre mhór-ghrúpa téamach (ach ag déanamh neamhaird ar an líon sách mór de na dánta a sheachnaíonn an catagóiriú sin):

  • Dánta chuig agus faoina gcairde (eg, dán 13).
  • Dánta earótacha:
  • Feannadóireachtí:
  • Comhbhróin:



Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Ancona, R (2004). "Writing Passion: A Catullus Reader". Wauconda, IL: Bolchazy-Carducci Publishers.