Dán an Ghrá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is leabhar síceolaíochta é The Art of Loving ("Dán an Ghrá") a foilsíodh sa bhliain 1956. Is é an síceolaí agus fealsamh sóisialta Gearmánach Erich Fromm a scríobh é. Ins an leabhar, déanann Fromm grinn-staidéir ar bhunphrionsabail an nádúir daonna, a luaigh sé den chéad uair sa bhliain 1942 sa leabhar The Fear of FreedomEscape from Freedom (eagrán Meiriceánach den leabhar céanna).

Is é an teoiric atá ag Fromm maidir leis an ghrá ná gur scil é a chaithfear foghlaim agus cleachtadh a dhéanamh air. Séanann Fromm an teoiric a deir gur rud rúndiamhair draíochtach é an grá, nach féidir anailís a dhéanamh air, nó nach féidir a mhíniú. Tá sé sceiptiúil freisin faoin nóisin go dtitear i ngrá nó go mbítear anbhann in éadan an ghrá.[1]

Tagairtí [athraigh]

  1. The Art of Loving le Erich Fromm, 1956


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.