Dáithí Lacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clár beochana Gaeilge ab ea Dáithí Lacha, a bhí le feiceáil in Éirinn sna seascaidí. Craoladh an chéad eagrán ar an 31 Nollaig 1962 agus críochnaíodh i mí Iúil 1969 é. Cartún chúig nóiméad a bhí ann, a bhí ar siúl trí uair in aghaidh na seachtaine ar dtús, agus ansin ar bhonn seachtainiúil ní ba dhéanaí.

Ba é Dáithí Lacha príomhcharachtar an chláir, in éineacht le Maidhc Madra agus Puisín.

Naisc Seachtracha[athraigh | edit source]