Curach choirte na hAstráile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bundúchasaigh ag seilg turtair mhara (ó Shuirbhé Phillip Parker King, 1818).

Is éard atá i gcurach choirte na hAstráile bád beag fónta de chuid na mBundúchasach a raibh a lán saghsanna di ann de réir na háite, agus atá á déanamh fós in áiteanna éigin.

Déantar an churach as coirt eoclaipe, coirt a chóirítear chun gur furasta é a mhúnlú ar an dóigh cheart. Bhí cuid de na curacha níos casta agus níos buanseasmhaí ná a chéile agus b’éigean a bheith oilte ar an obair chun iad a dhéanamh. Bhí na Bundúchasaigh go han-mhaith chun iad a ionramháil, agus is iad na mná is mó a bhaineadh feidhm astu ar an gcósta thoir. Bhí curacha mara ann, mar sin, agus curacha de shaghas eile a d'úsáidtí ar aibhneacha ar nós an Murray agus ar lochanna. Ní fada a mhairidís siúd toisc gur ghearr go n-éireodh an choirt rófhliuch agus í mí-oiriúnach do thuras fada dá bharr.[1] Ba é an scéal céanna ag curacha mara na mBundúchasach Tasmánach é.

Déanamh na curaí[athraigh | edit source]

Roghnaítear crann guma oiriúnach de réir na spéiceas atá le fáil sa réigiún – leadhbachán (Eucalyptus obliqua), abhantrachán (Eucalyptus camaldulensis) nó eile. Déantar gearradh fada san idirshnamh (an choirt is gaire don chabhail) tamall maith suas an crann. Baintear stiall atá timpeall trí mhéadar ar fad nó níos faide fós den chabhail le cuaillí. Toisc gur coirt gharbh righin atá inti ní mór é a bhogadh le huisce nó tine. Nuair atá an choirt solúbtha déantar gach ceann den stiall a fhilleadh agus a cheangal. I dtuaisceart na hAstráile dhéantaí tosach agus deireadh na curaí a fhuáil ach in áiteanna eile dhéantaí iad a cheangal le snaidhmeanna.

Cuirtear cuaillí inti mar thochtaí chun an chabhail a leathadh agus is féidir dhá thaobh na curaí a theannadh le sreanga trasna agus le maidí ceangail de réir nós an réigiúin. Coinnítear an churach ag imeacht le cleith nó céaslaí.

Curach Riasc Arakura[athraigh | edit source]

Bhí curach ar leith le fáil ar Riasc Arakura i gCríoch an Tuaiscirt agus í curtha in oiriúint go maith don áit áirithe úd. Ligeadh i léig í go luath sa 20ú haois ach rinneadh í a athchruthú le haghaidh Ten Canoes, scannán le Rolf de Heer.

Déantar mar a leanas í:

Rúscáin a bhaint den chrann, ansin stiall fhada idirshnaimh a bhaint le lann (nó le cloch ghéar fadó) agus cleithí. Dealramh sorcóra air. É a bhá ansin i lochán lena bhogadh. Fágann sin cothromach é agus bogann tine íseal níos mó fós é. Gach ceann den stiall a fhilleadh ina dhá leath agus an dá cheann i ngreim péire cuaillí atá nasctha go teann le chéile. Cuma chearnógach a fhágáil ar dheireadh na curaí agus é fuáilte le snáithí coirte cúpla orla isteach ón deireadh. An tosach a ghearradh aniar le fána, ag tosú méadar siar ón ngob, chun cuma “reithe” a chur air, é a fhuáil agus breis ábhair snáithínigh a shacadh faoin uaim. An gob féin a theannadh le snaidhm shimplí. Imeall na coirte a bhrú amach agus síos arís, díreach siar ón áit fhuáilte. Cúpla cuaille a nascadh trasna lár na curaí chun an dá thaobh a choinneáil ó chéile.
Cuaillí gearra a chur trasna inti faoi ardú an tosaigh agus an deiridh agus a gcinn sáite díreach i gcoinne na coirte. Saorbhord íseal ann agus gob ard a ligeann don churach gabháil tríd an bhféar atá ag fás sa riasc.[2]

Curach Sydney[athraigh | edit source]

Tá roinnt cuntas le fáil ar churacha Sydney ó lámh na gcoilíneach is túisce a bhain an taobh tíre sin amach. Curacha teanna a bhí iontu agus mhairfidís timpeall trí bliana, murab ionann is na curacha a bhí le feiceáil ar na haibhneacha intíre. D’imigh curach an réigiúin as úsáid ach tá sí á déanamh arís.

Déantar mar a leanas í:

Stiall fhada idirshnaimh a bhaint (féach an cuntas thuas) de chrann oiriúnach - Eucalyptus obliquas, mar shampla. I réigiún Sydney ba ghnách an choirt a bhaint i Mí na Lúnasa, tar éis bháisteach an Earraigh, nuair a bheadh sí lán de shúlach agus gan gá aige, mar sin, le bogadh uisce. An choirt a bhogadh os cionn tine lag agus an súlach ag spré tríd an gcoirt dá bharr nó go bhfuil sí chomh solúbtha le leathar.
Ní gá úsáid a bhaint as an gcoirt chóirithe láithreach, ach i gceann tamaill déantar an tosach agus an deireadh a chrapadh suas agus iad a cheangal le sreang. Líontar poill agus scoilteacha le céir bheach agus roisín uiscedhíonach - roisín na sleá féir (Xanthorrhoea), mar shampla, rud a bhí ina ghliú ilfheidhmeach. [3][4]
Cuirtear maidí trasna sa churach agus sreanga trasna a bhfuil slata nasctha ina lár lena dteannadh. Cuirtear maidí ceangail inti freisin.

Tagairtí luatha[athraigh | edit source]

An chéad íomhá de churach choirte le hEorpach is pictiúr uiscedhaite é a rinneadh le linn thuras an Endeavour, long an Chaptaen James Cook. Curach den ghnáthshaghas í – stiall amháin choirte, í ceangailte ag gach ceann agus leata ina lár ag píosaí adhmaid. Tá daoine ag iascaireacht inti agus céaslaí á n-úsáid acu. [5]

Rinneadh a lán pictiúr den saghas céanna ina dhiaidh sin, ar nós pictiúr uiscedhaite a rinneadh sa bhliain 1805: bean agus páiste i gcurach i mBá Botany, tine i ndeireadh na curaí acu agus an bhean ag iascaireacht.[6]

I ndialann an Endeavour, Dé Sathairn 28 Aibreán 1770, luaitear trí nó ceathair de churacha ar an trá in aice le Woonona, áit nárbh fhéidir le geolta na loinge an trá a bhaint amach de bharr “the great Surff which beat everywhere upon the shore”. [7] Tugann an sliocht le fios nárbh eagal le muintir an chósta tabhairt faoi na tonnta móra i gcuracha.

Crainn cholmnacha[athraigh | edit source]

Fágann baint na coirte colm buan ar chrann agus bhí a leithéid le fáil go flúirseach sa 19ú haois. Bhaintí úsáid as an gcoirt chun soithigh agus coimeádáin a dhéanamh chomh maith le curacha. Bhí éileamh ar choirt chuarach ó ghualainn crainn le haghaidh curacha intíre.

Tá formhór na gcrann sin os cionn céad bliain d’aois agus iad ag éirí tearc dá bharr. Is minic atá rian na n-uirlisí le feiceáil ar bharr agus ar bhun an choilm, agus uaireanta ina lár.[8]

An ré choilíneach[athraigh | edit source]

Sna 1850í (ré an fhuadair óir) d'aithin a lan coilíneach cé chomh háisiúil is a bhí na curacha coirte, cé nach raibh an meas ceart acu i gcónaí ar chlisteacht lucht déanta na mbád.

The blacks were particularly useful for transporting men and supplies [trasna an Murray] from the other side of the water. They built boats with gumbark, and at spots where roads crossed the river they already had to go a long way to find suitable trees. (Hubert de Castella, grásaeir.)[9]
These boats are of the most primitive construction, being nothing more than a large strip of bark cut to the correct size, with pointed ends, from the eucalyptus tree and dried in the sun, and shaped by a cross at each end. (A.G. Pierce, athmhianadóir agus grianghrafadóir.)[10]

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. http://www.slsa.sa.gov.au/murray/content/didyouknow/canoeTrees.htm
  2. http://indigenousboats.blogspot.com.au/2010/05/ten-canoes.html
  3. http://www.smh.com.au/nsw/from-a-stringybark-tree-a-canoe-grows-20100818-12f96.html ‘From a stringybark tree a canoe grows,’ Steve Meacham, Sydney Morning Herald, 19 Lúnasa 2010.
  4. http://www.australiangeographic.com.au/journal/aboriginal-traditional-canoe-on-display.htm
  5. Australian Aborigines in bark canoes, Botany Bay, April 1770 le duine gan ainm, pictiúr uiscedhaite, 26 x 36 cm, British Library Add.Ms. 15508f.10: http://www.uow.edu.au/~morgan/canoes.htm Australian Aboriginal Canoes. Michael Organ a chuir le chéile.
  6. Canoe, Botany Bay circa 1805: http://www.uow.edu.au/~morgan/canoes.htm Australian Aboriginal Canoes.
  7. Luaite in Australian Aboriginal Canoes: http://www.uow.edu.au/~morgan/canoes.htm.
  8. http://www.environment.nsw.gov.au/resources/cultureheritage/ScarredTreeManual.pdf
  9. Luaite in Cahir, Fred (2012), Black Gold: Aboriginal People on the Goldfields of Victoria, Australian National University. ISBN 978-1-921862-95-3. Lch 41.
  10. Cahir 2012, lch 42.

Le léamh[athraigh | edit source]

  • Edwards, Robert, Aboriginal Bark Canoes of the Murray Valley. Rigby, 1972
  • Doran, Edwin, Wangka: Austronesian Canoe Origins, Texas A&M University Press, 2000
  • Thomas, N.W.. ‘Australian Canoes and Rafts,’ The Journal of the Anthropological Institute of Great Britain and Ireland, Vol. 35, (Jan. - Jun., 1905), pp. 56-79

Féach freisin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]