Vicipéid:Cumadh don Vicipéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cumadh don Vicipéid)

Is iontach an bealach cumadh don Vicipéid le foghlaim faoi ábhair nua. Is féidir do thuairimí féin a chur ´ar phár´, nó aistriúchán a dhéanamh ar aon ábhar ar vicipéid eile, ar nós Wikipedia an Bhéarla nó na Fraincíse. Ach má thugann tú ábhar isteach ó shuíomh nó ábhair eile, ní foláir bheith cinnte nach bhfuil tú ag sárú cóipchearta.

Muna bhfuil tú cinnte de shonraí an ailt, nó má tá ceist agat faoi theanga nó gramadach, ná cuireadh sé seo as duit. Is fiontar pobail í an Vicipéid, eagrán Gaeilge an Wikipedia, agus is cinnte go gceartóidh duine againn (nó b´fhéidir tú féin) an alt níos déanaí. Ach ar ndóigh, is féidir le daoine eile athruithe a dhéanamh ar an alt freisin, agus de ghnáth is feabhsú é. Ach iarrtar ar scríbhneoirí dearcadh neamhchlaonta a choinneáil ina gcuid alt agus eagair i gcónaí. Ach ní chuireann sé seo stop leat ábhar chonspóideach a phlé.