Cuisle (fiseolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cuisle)
Cuisle

Brúthonn a ghineann bualadh an chroí, an méadailín clé go háirithe, chun an fhuil a dhíchur isteach i gcóras na bhfuileadán. Is ionann an oiread frithbhuailtí sa nóiméad is ráta an chroí. I ndaoine, is é 70-90 é le linn suaimhnis, ag méadú le linn aclaíochta, feirge is fiabhrais, ag laghdú le linn dúlagair. Is féidir na forbairtí is na crapthaí ailtéarnacha sna hartairí gar do dhromchla na colainne a mhothú (agus a fheiceáil, uaireanta) mar chuisle. Braitear an ráta bíogtha de ghnáth le barra na méar a chur go bog ar thaobh istigh na rí go díreach os cionn an rosta (an bualadh gathach).

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seaneagráin chlóite curtha suas ar an Idirlíon.[1] “Iris Don Aois Nua”http://borel.slu.edu/cuisle/ Curtha i gcartlann 2016-04-04 ar an Wayback Machine

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cuisle". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 192.