Cuimhne bholgánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas cuimhne ríomhaire a saothraíodh ar dtús sna 1970idí. Cuimhne inléite inscríofa an cineál cuimhne seo, a fheidhmíonn trí mhionbholgáin mhaighnéadaithe pholaraithe, a sheasann do ghiotáin, a chasadh. Is struchtúir an-storrúla ón taobh meicniúil iad seo, agus feidhmíonn siad go maith thar raon mór teochta. Ach is mall costasach iad i gcomparáid le cuimhní leathsheoltacha. Baintear feidhm astu i gcomhshaolta garga.